Scoil: An Tulach (uimhir rolla 13148)
- Suíomh:
- An Tulaigh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí triúr mná as Indreabhán ina gcónai i mbráicín sa shliabh agus bhí beithigh acu. lá amháin dá raibh bean acu ag bleaghan bó acu tháinig giorrfhiadh dubh agus tosaigh sé ag bleaghan na bó. Tháinig an giorrafhiadh an dara lá. Bhí cineal faitíos ar na mná agus chuaigh siad abhaile agus dinnis siad an scéal. lá ar na bháireach chuaigh an Blácach agus muintir an bhaile suas agus chonaic siad an giorrfhiadh. Chaith an blácach urchar leis agus scaoil sé an urchair thairis. Ansin chaith an Blácadh an gunna leis agus thug an giorrfhiadh an gunna leis na bhéal. An chéad lá eile thug an Blácach leis chuile chú maith a bhí san áit ach níor éirigh liom teacht suas leis an ngiorrfhiadh. Ansin chuala an Blácach go raibh cú maith ag Micil Ceara agus chuir sé fios ar Mhicil is ar an gcú. Tháinig Micil agus a chú lá ar na mháireach agus chuaigh an Blácach leis suas ar an sliabh. Nuair a chuadar suas bhí an giorrfhiadh tuas rompa. Lean cú Micil Cheara é agus bhain sí cor agus cor eile aisti faoi theire, léim an giorrfhiadh in san aer. Tháinig siad abhaile ansin. Nuair a chuaigh Micil Cheara abhaile go dtí a(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Cáit Ní Fhatharta
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Bhánrainn Bhán Thuaidh, Co. na Gaillimhe