Scoil: An Tulach (uimhir rolla 13148)
- Suíomh:
- An Tulaigh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ar leantheach féin bhí capall glas a bhí aige agus bhí sí imithe uaidh. D'imigh Micil leis ghá tóraíocht. Nuair a bhí sé ag dul soir sráid an Spidéil casadh fear óg dó agus dubth sé go ndeacha sí soir cúpla nóiméad o shin agus í chomh luath leis an ngaoth Mhárta. ansin chuaigh Micil go Gaillimh agus dubrad an rud céadna leis. Choinnigh Micil ar thóir an chapaill go ndeacha sé go Contae an Chláir agus na dhiaidh. Chuaigh se istach i teach an . "Bail ó Dhia oraibh" a deir sé.
"go mba hé dhuit , a Mhicil Cheara," a deir an bhean.
" nach maith a d'aithin tú me ! ar sé.
"cuirfinn geall" a deir sí "gur ag tóraíocht do chapaill ata tú? "Ansin dubht sí leis an iníon tae a réidhteach só agus dubht sí nach mbeadh leath an tae ólta aige nuair a beadh sí ar ais agus an capall aici dhó. b'fhíor di.
"Anois" a deir sí, bheidh tú thiar ar sráid an Spidéil nuair a bhéas an ghrian ag dul faoi . " Ach" a deir sí , ná bain aon tsiubhal aisti ach léan mar dhéanfar sí féin é". D'inis sí freisin go b'í féin an giorrfhiadh a bhí thuas ar an sliabh an lá fádó. D'imig Micil Cheara leis. Bhí sé ar sráid an Spidéil le dul faoi na gréine agus chuaigh se abhaile go slán sábhailte.- Faisnéiseoir
- Cáit Ní Fhatharta
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Bhánrainn Bhán Thuaidh, Co. na Gaillimhe