Scoil: An Tulach (uimhir rolla 13148)

Suíomh:
An Tulaigh, Co. na Gaillimhe
Múinteoirí:
Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0062, Leathanach 0252

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0062, Leathanach 0252

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Tulach
  2. XML Leathanach 0252
  3. XML “An Caisleán Draíochta”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    dúirt leis go raibh rún aige an caisleán a thógáil ó dhraíocht.
    Tráthnóna lá arna mhárach chuaigh an buachaill go dtí an áit a mbíodh an caisleán agus d'fhan ansin go mfhoighdeach gur thit an oíche. Ansin chonaic sé an caisleán mór breá agus nuair a chonaic anonn leis go dtí é gan fuacht ná faitíos. Nuair a tháinig sé go dti an doras bhí sé ar leathoscailt roimhe agus bhrúigh sé isteach é. Nuair a bhrúigh thosaigh an doras ag oscailt ach níor chuir s aon fhaitíos air. Chuaigh sé síos ag an tine agus shuigh ar chathaoir ann. Ba bhreá an seomra é gan amhras agus d'fhan an fear ansin go dtí a dó dhéag.
    Díreach ag a dó dhéag d'airigh an buachaill an clog mór ar an mballa ag bualadh agus leis sin d'airigh s scréachaíl uafásach agus caoineadh thuas an staighre. Níorbh fhada gur thit ceann rí anuas an simléar síos glanoscartha isteach sa tine agus scaip sé splancacha ar fud an teallaigh. Ní dhearna an ceann seo stopadh go ndeachaigh sé i bhfolach thuas i gcúinne dorcha an tseomra. D'éirigh an buachaill agus thosaigh sé ag cur caoi ar an tine agus nuair a tháinig sé ar ais céard a bheadh ar an gcathaoir roimhe ach colainn gan ceann. "Fág seo," ar seisean leis an gcolainn ag tabhairt laisc di a chuir suas i gcúinne an tseomra í. Nuair a shíl sé suí ar an gcathaoir fuair sé féin iarraidh. "Ná déan é sin anois nó beidh mé féin ag bualadh," a deir sé. Bhí 'siad' thart air air chomh tréan leis an réalta.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0326: The Youth Who Wanted to Learn What Fear Is
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Siobhán Ní Churraoin
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Maitiú Ó Curraidhin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    67
    Seoladh
    An Chloich Mhóir Thuaidh, Co. na Gaillimhe