Scoil: An Tulach (uimhir rolla 13148)
- Suíomh:
- An Tulaigh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Tulach
- XML Leathanach 0260
- XML “Doineann - Toirneach”
- XML “Seán Bairéad agus an Cíos Teallaigh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Rinne sí slad millteach ar na fataí mar do lobhaidh sí ar fad iad agus tháinig an dubhachán ortha.
Rinne sí slad mór ar móin freisin mar do bhí go leor áiteacha ar an a bhí faoi uisge agus thug sí léithe cuid mhór de'n mhóin.
Bí garrantaí faoi uisge freisin. - Bhí fear ann fadó agus sé an t-ainm a bhí air Seán Baréad. Bhí sé 'na chomhnaidhe leis féin i mbotháinín uaigneach in aice na farraige. Aon lá amháin bh sé th'réis teacht isteach ó'n gcladach agus é fliuch báidhte. Bhain sé dhó a chaipín agus thosuigh sé ag ithe a bhéilidhe. Is gearr 'na dhiaidh sin gur airigh sé torann ag teacht. D'eirigh sé de léim agus rug sé ar an ord. Tháinic an fear ag a' doras agus d'iarr sé cíos teallaigh. Ach sul d'a raibh an focal deireannach ráidhte aige buail Seán Baréad snaidhm de'n ord air, agus mharbhuigh sé é. Níor tháinic aon tighearna teallaigh amach ag iarraidh cíos teallaigh as sin amach."Bhí sé ann. Sgilling ar an deatach a bhí ag dul amach a' simléar" - Máire Ní Leainde, Ros a' Mhíl.
- Bailitheoir
- Mícheál Ó Diolláin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Chloich Mhóir Thuaidh, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Mícheál Ó Diolláin
- Inscne
- Fireann