Scoil: Tulach Cadhain (uimhir rolla 8446)
- Suíomh:
- Tulaigh Mhic Aodháin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Séamus Ó Duibhghiolla
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0064, Leathanach 015](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0064%2FCBES_0064_015.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0064, Leathanach 015
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tulach Cadhain
- XML Leathanach 015
- XML “Laethanta Áirithe”
- XML “Seanchas Stairiúil”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Nuair a bhíonn daoine ag déanamh tíghthe tosuigheann siad ar an obair chun go mbeadh sé réidh acu ar an céad Aoine de Bhealtaine, agus teidheann siad in a gcómhnuidhe ionnta ar an chéad Aoine de Bhealtaine. Bíonn ádh ar an líon tighe a theidheann in a gcómhnuidhe i dteach nuadh ar an céad Aoine do Bhealtaine .
Oidhche Nodlag ní dhúnann siad an doras chor ar bith. Coinnigheann siad fosgailte é leis an Maighdean Muire a leigint isteach. Ní chaitheann siad amach an luaithreadh an lá sin ar eagla go salóchadh sé brat na Maighdine Muire. Aodh Ó Maidín
Cill A’Chlógain
“Sé m’athair, Tadhg Ó Maidín a d’innis an méid seo dham” - Seanchas Stairiúil
In aimsir Fhinn Mhic Cumhall bí a lán tuirc-fhiadháin le fághail i gConnacht. Ar aon chaoi tháinig Fionn ‘gus a cháirdí go dtí an ceanntar s’againne. Bhí flaith ins an áit seo san am sin darbh ain “Muircheartach” agus bí draoidheacht éigin a g gabháil dó: ach ar aon chaoi bhí fearg an-mhór ar an bhflaith nuair a chuala sé go raibh na Fianna ag fiadhach ar a chuid(leanann ar an chéad leathanach eile)