Scoil: Tulach Cadhain (uimhir rolla 8446)
- Suíomh:
- Tulaigh Mhic Aodháin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Séamus Ó Duibhghiolla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tulach Cadhain
- XML Leathanach 065
- XML “Seanscoileanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Bhí go leór sean scoileanna ins an áit seo fadó. Bhí ceann i gCluan a’ Binne, ceann i gCill a Chlogán, ceann i gCalladh na Muc agus ceann I bPoll na bPéist, agus ceann i gCnocán Seanaigh. Bhí an scoil i gCluan a’ Binne i dtígh “Máirtín Sáirséal.” Tá an sean-fhoirgneamh I bPáirc I bPoll na bPéist. Bhí ceann i dtigh fhir dárbh’ ainm “Bearthla Mór.” Dearbhratháir lé Beartthla a bhí ina mhúinnteóir ann. “Máirtín “Sáirséal” agus “Micil Mháire Bríghde” a bhi ina múinnteoirí I gCluan a Binne. Bhíodh siad ag m úineadh Gaedhilge san oidhche.
Anois faoi Pholl na bPéist; fear dárbh ainm Sturrip a bhí ina mhúinnteoir ann. Fear idar (dai) crosta do beadh é agus bhí fuath aige don Ghaedhilge, agus aoinne a chloisfeadh se ag cainnt é bhuailfeadh sé é go trom. lá amháin d’ionsuighe na buachaillí é agus is beag nár mharbhuigh siad é. síothchán a bhí a múineadh I gCill a’ Chlogán agus Gaedhilgeóir breágha a bhí annn. mUinnteoiri breaghtha agus Gaedhilgeóirí críochnuighthe iad.
Ní bhfuigheadh siad págh ar bith acht geobhfadh siad beilidh ó na paiste. Bhíodh siad ag fanacht ina dtíghthe féin. ‘Siad na neither is mó a bhíodh siad ag foghluim ná ceisteanna beaga. Bhíodh siad ag cur ceisteanna mar seo. Cé mhéad caoirigh agaibh sa mbaile? agus rudaí mar sin. Gaedhilge ar fad a bhíodh á labhairt aca, ingach áit acht I bPoll na bPéist. Bhíodh an Gaedhilge mar(leanann ar an chéad leathanach eile)