Scoil: Mín Árd
- Suíomh:
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Ml. Ó Caomháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus b'é an ghnó a bhí acu gach lá ná breith ar phaideóga ar dhá cheann an bhúird an fhaid is a bhí an duine uasal ag caitheamh a bhricfeasta agus a shuipéir. Bhíodh sé i gcómhnuidhe ag maoidheamh as na cait chómh maith agus a bhíodar.
Tháinig fear go dtí an tig lá agus bhí an port céadna á ghábhail ag an duine uasal ---an dá chat iongantach a bhí aige. "Cogar" ars an bhfear eile, "cé 'cu is fearr an dúthchas ná an oileamhaint. Is fearr an oileamhaint ars' an duine uasal. Cuirfead geall leat nách fearr agus gur fearr an dúthchas, ars an bhfear eile. Bhíodar ag aragóint ar feadh tamaill agus sa deire chuireadar geall sios.
Chuaidh an fear amach agus tháinig isteach nuair a bhí an duine uasal ag caitheamh a shuipéir. Bhí na cait ansan ag dhá cheann an bhúird agus iad ag coimeád an solus don duine uasal. Ce'cu is fearr an dúthchas ná an oileamhaint ar seisean. Is fearr an oileamhaint ars' an duine uasal. Féach ar na cait ansan mar atáid múinte agamsa, ar seisean go h-uaibhreach. Bhuel ars an bhfear eile ní fada go mbeidh a mhalairt le rádh agat. D'oscail sé bosca beag a bhí 'na phóca . Léim dhá luichín as an mbosca agus ritheadar treasna an úrláir. Siúd na cait ag rith 'na ndiaidh. D'fhág na páideóga caithte ar an mbórd(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seán Ó Gríbhthín
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Fhothrach Mhór, Co. Chiarraí