School: Mín Árd
- Location:
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Kerry
- Teacher: Ml. Ó Caomháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)agus b'é an ghnó a bhí acu gach lá ná breith ar phaideóga ar dhá cheann an bhúird an fhaid is a bhí an duine uasal ag caitheamh a bhricfeasta agus a shuipéir. Bhíodh sé i gcómhnuidhe ag maoidheamh as na cait chómh maith agus a bhíodar.
Tháinig fear go dtí an tig lá agus bhí an port céadna á ghábhail ag an duine uasal ---an dá chat iongantach a bhí aige. "Cogar" ars an bhfear eile, "cé 'cu is fearr an dúthchas ná an oileamhaint. Is fearr an oileamhaint ars' an duine uasal. Cuirfead geall leat nách fearr agus gur fearr an dúthchas, ars an bhfear eile. Bhíodar ag aragóint ar feadh tamaill agus sa deire chuireadar geall sios.
Chuaidh an fear amach agus tháinig isteach nuair a bhí an duine uasal ag caitheamh a shuipéir. Bhí na cait ansan ag dhá cheann an bhúird agus iad ag coimeád an solus don duine uasal. Ce'cu is fearr an dúthchas ná an oileamhaint ar seisean. Is fearr an oileamhaint ars' an duine uasal. Féach ar na cait ansan mar atáid múinte agamsa, ar seisean go h-uaibhreach. Bhuel ars an bhfear eile ní fada go mbeidh a mhalairt le rádh agat. D'oscail sé bosca beag a bhí 'na phóca . Léim dhá luichín as an mbosca agus ritheadar treasna an úrláir. Siúd na cait ag rith 'na ndiaidh. D'fhág na páideóga caithte ar an mbórd(continues on next page)- Informant
- Seán Ó Gríbhthín
- Gender
- Male
- Address
- An Fhothrach Mhór, Co. Kerry