Scoil: Mín Árd
- Suíomh:
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Ml. Ó Caomháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
- Sidheóga. Bhí fear ann fadó agus Gallús na Cosa Dubha a ghlaoidhtí air. 'Na chodhladh sa ló agus amuich ist oidhche a bhíodh sé. Aon oidhche amháin chuaidh sé isteach i lios a bhí san mbaile agus tháinig na sídheóga amach mar ba ghnáth leo. Sheas gach duine acu ag buachallán buidhe sa pháirc. "Mo chapall is mo shrian" ars gach duine acu agus ar an neomat san bhí an pháirc bhreacuighthe le capallaibh agus srian ar gach ceann díobh. B'ait leis é agus dubhairt sé féin "Mo chapall is mo shrian". Tháinig capall agus srian ar chuige chómh maith le cách.
Siúd ar aghaidh iad na Sidheóga agus Gallús in éinfeacht leo. Níor dheineadar stad ná staonadh nó gur bhaineadar iochtar na hÉireann amach. Bhí lanamha nua pósta ansan agus sciobadar an bhean óg leo. Chuireadar ináirde ar chapall Ghallúis í agus ar ais leo go(leanann ar an chéad leathanach eile)