Scoil: Mín Árd
- Suíomh:
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Ml. Ó Caomháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín Árd
- XML Leathanach 244
- XML “Scéal - Sióga”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Chuaidh fear óg go dtí tórramh oidhche. Bhí lár na h-oidhche ann, agus cad a bhuaileadh leis ar an mbóthar acht triur fear agus cómhra ar a nguailnibh acu. Chuaidh sé féin fáhn gcómhrain chun cabhruighthe leo, ach níor dheineadar san ach é d'fhágaint ar fad aige. D'arduig sé comhla na cómhran agus cé bheadh istigh ann ach an cailín óg a bhí 'á tórramh an óidhche céadna sa cómharsanacht, agus í 'na stealladh bheathaidh. Ní fhéadfadh sé í do dhúiseacht agus d'árduig sé leis abhaile í. As go bráth leis ansan go dtí tig an chuirp, acht ag gabháil thar lios do chualaidh sé gleó an domhain ag na daoine maithe istig. D'éist sé tamall agus chuala sé iad á rádh narbh aon chabhair do féin an cailín do bheith aige mar a dtabharfadh sé trí braonacha di as buidéal áirithe a bhí sa driosúr agus an biorán suain do bhí sáithte i gcúl a cinn do tharrac.
D'fhill sé abhaile go h-áthasach, thairrig sé an biorán suain agus thug sé dhi an dheoch. Ní túisge an méid sin déanta aige ná gur phreab sí 'na seasamh chomh maith agus bhí sí riamh. Níor mhór an mhoill air ansan tig an chuirp do dhéanamh amach. Thairrig sé stiall de'n maide ar an gcailín a bhí sínte ar an gclár agus chuir deabhadh amach an dorus uirthe. "Ná bíodh aon eagla ort," ar seisean le fear an tighe, "tá t'inghean(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádruig Ó Cinnéide
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 19
- Seoladh
- An Bhánóg Bheag, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Mícheál Ó Builéir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Bhánóg Bheag, Co. Chiarraí