Scoil: Mín Árd
- Suíomh:
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Ml. Ó Caomháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín Árd
- XML Leathanach 245
- XML “Scéal - Sióga”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)thiar im'thigse chomh maith agus d'fhéadfadh a bheith agus b'shin iarlais a bhí anso 'na ionad. Ghluaiseadar in éinfeacht leis agus is ortha a bhí an t-iongantas nuair chonnaiceadar 'na sláinte í. Do gheobhadh sé le pósadh í ach do thug sé d'á dhriotháir í. D'imthigh sé féin go Sasana agus i gceann tamaill do phós sé bean uasal a thuit i ngrádh leis. Bhí sé lán d'airgead anois ach bhuail dream imeartha leis agus d'fhágadar fuar dealbh é.
Ba leasc leis anois aghaidh a thabhairt ar a mhnaoi agus a chuid airgid go léir caillte aige. Bhuail sé leis abhaile go dtí na thig féin in Éirinn agus é cráidhte céasta. Nuair ná raibh sé ag filleadh abhaile chúiche chuaidh a bhean ar a thuairisc agus sa deire fuair sí amach é. Ní mór an meas a bhí ar an bhfear bocht ag a mhuinntir féin um an dtaca so, ach is amhlaidh a bhí sé 'na mhaidrín láithíghe acu. Thug a bhean suas sa tseomra é agus chuir culaith breágh éadaigh air. "An leatsa anois é" ar sise le na mháthair. "Is liom," ar sise. "Níorbh leat in aon chor ó chianaibh é agus is leat anois é" ar sise, agus d'imthigheadar leo abhaile go dtí na dtig féin i Sasana.- Bailitheoir
- Pádruig Ó Cinnéide
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 19
- Seoladh
- An Bhánóg Bheag, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Mícheál Ó Builéir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Bhánóg Bheag, Co. Chiarraí