Scoil: Mín Árd
- Suíomh:
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Ml. Ó Caomháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)9. Ar craos Galar: (a) Anál ghanndail bháin agus é ar céadlacan do chur i mbéal an leinbh naoi maidneacha.
(b) Tá an leigheas céadna ag aon fhear go raibh a athair caillte sar a rugadh é féin. Caithfidh sé bheith ar céadlacan leis, naoi maidneacha agus a anál do shéideadh isteach i mbéal an leinbh.Bruitíneach: Tuar na gcaorach do bheiriú i mbainne agus é d'ól.10. Piastaí i leinbh: (1) bláthach géar d'ól
2. sugha do mheascadh le h-uisce bog agus é d'ól.11. An Dóghadh Talmhan: Ceiridhe de seilmidí, nó tuar bó do bhualadh leis.12. Scurvy: scurvy grass which grows in sandy places cures it.Geibhtear an féar seo ar an gCeann Árd i bparóisde Liospóil agus do thagadh daoine i bhfad ó bhaile chun é d'fhághail fadó.13. Craobhfhabar: (a) Fáinne óir do chimilt leis trí maidneacha indiaidh a chéile agus tú ar céadlacan, agus an "tÁbhé Maria" do rádh an fhaid a bhíonn tú a chimilt.
(b) An súil do nighe le té fuar.14. Fúil Sróin: (1) Córda do chur timcheall do lúidín.
2. Salann a chur fád' theangain.
3. Eochair(leanann ar an chéad leathanach eile)