Scoil: Mín Árd
- Suíomh:
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Ml. Ó Caomháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)nó píosa iarainn do chur le cúl do mhuiníl.15. Carabuncle: Neascóid go mbeadh piast ann cuirtear meacan an dá thogha leis chun an piast do mharbhú. Fásann an plannda so sa riasc. Caithfear an ceiridhe do ullamhú idtig eile mar dá bhfagadh an piast an boladh do raghadh sé isteach níos doimhine.16. Géag leónta: Ceiridhe de phréamhacha an chumfraoi má ceanngluigheann sé leis an áit tinn tá an ghéag briste, agus mar a ndéanfaidh níl sí ach leónta.17. An Triuch: Dá mbeadh an triuch ar dhuine bheadh muinntir an tighe ag faire ar an gcéad fhear a gheobhadh an bóthar le capall bán.Bheidís ar an mbóthar roimis agus déarfaidís - " A fhir an chapaill bháin cad a leighisfeadh an triuch",
agus pé leigheas a thugadh sé dóibh do dhéanfadh sé an bheart.18. Ingirt Fáis (growing pains): - Éinne a gheobhadh na pianta seo chuireadh sé ceann chapaill mhairbh isteach i mála. An chéad duine a fhiafróchadh do cad a bhí sa mhála aige chaitheadh sé an mála agus a bhfuil ann chuige agus deireadh sé "ceann chapaill agus ingine fáis, agus fágfaidh mé agat sa iad go dtí lá mo bháis."(leanann ar an chéad leathanach eile)