Scoil: Mín Árd
- Suíomh:
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Ml. Ó Caomháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín Árd
- XML Leathanach 266
- XML “Cúipéireacht”
- XML “An Meadar”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Cúipéireacht:- Ana cheárd sa tseanaimsir a b'eadh í seo agus bhíodh cúipéar nó dho ins gach paróisde. B'iad na cúipéirí a dheineadh na h-áruistí le h-aghaidh an bhainne agus araile. Do dheinidís cíléirithe bainne, feircíní ime, meadair, tobáin nó drollaigh, bairrlí, soithí chun uisce, bairrlí le h-aghaidh éisc do chur ar salann nó feóil dá mbeadh sé acu.Ní fada ó shoin ó cailleadh Séamus Ó Beaglaoí ó Bhaile-na-saor, cúipéir go raibh ana cháil air maidir le feircíní agus bairrlí slachtmhara do dhéanamh.
Bhí na feircíní mór agus thógadh sé tamall maith ó chuid des na feirmeóirí feircín do líonadh. Is minic a chuireadh beirt nó triúr chomharsain a gcuid ime le chéile chun feircín do líonadh. Suas go dtí ceithre fichid bliain ó shoin do thugadh na daoine anso a gcuid ime go Corcaigh ar druim chapaill chun é do dhíol, agus do chaithidis seachtmhain ar an mbóthar. Is minic a robáileadh iad i n-aice le Baile Mhúirne i gCorcaigh agus thagaidís abhaile gan pingint'réis a saothair. - Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.