Scoil: Mín Árd
- Suíomh:
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Ml. Ó Caomháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín Árd
- XML Leathanach 278
- XML “Scéal - Na Trí Comhairlí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Scéal: Na Trí Cómhairlí
Bhí fear taobh thiar de Dhaingean fadó. Seán Bácaeir a b'ainm do. Bhí sé pósta le bean darbh ainm Máire Ní Bhriain. Bhí beirt cloinne acu, Pádruig agus Tomás ab ainm dóibh. Bhíodar beo bocht agus ní raibh faic na ngrást le n-ithe acu. Lá áirithe dubhairt Seán le na mhnaoi go raghadh sé ag tuilleamh chun greimín éigin do sholáthar.
"Téighir a ghrá gil agus beannacht Dé leat," ars'Máire.
Níor bhuail aon obair le Seán go dtí gur shrois sé Árd Fhearta taobh thuaidh de Thráighlí. Bhuail feirmeóir anso leis agus d'iarr sé air cad a bhí uaidh. "Obair" arsa Seán. "Is maith mar a tharla" arsa Seán, "máighistir ag lorg buachalla agus buachaill ag lorg máighistire." Réidhtig sé leis an feadh bliana ar chúig puinnt déag. Nuair a bhí an bliain istig d'iarr sé a thuarasdal ar an bhfeirmeóir. "Ná dein" ars' an feirmeóir, "is tú an buachaill is fearr a bhuail riamh liom." "Tabhair bliain eile dhom agus dúblóchad do phágh dhuit. Nuair a bhí an bliain sin istig airís aige chuaidh sé ag lorg a thuarastail ar an máighistir. Dubhairt an máighistir leis fanamhaint ar feadh bliana eile agus go ndúblóchadh sé a phág dho airís. Do ghlac sé dúil san airgead. Nuair a bhí an triomhadh bliain tugtha aige dubhairt sé na cinneóthadh ór ná airgead é, go dteastuig uaidh a bhean agus(leanann ar an chéad leathanach eile)