Scoil: Mín Árd
- Suíomh:
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Ml. Ó Caomháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín Árd
- XML Leathanach 279
- XML “Scéal - Na Trí Comhairlí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)a chlann d’fheiscint agus go gcaithfeadh sé a thuarasdal d’fhaghail. “Tá go maith” ars’ an máighisitr, “gheobhair, fógfad fád’[?] mholadh féin é. Gheobhaid tú do thuarasdal trí bliana nó tri chómhairle mhaithe. Bíodh cead machtnaimh agat as so go maidion.” Chuaidh Seán a chodladh , ach ní codladh a dhein sé ach ag cuimhneamh is ag smaoineamh ciacu an iad na trí comhairle nó an tuarasdal a thógfadh sé. Níor mhaith leis dul abhaile gan a thuarasdal, ach sa deire dubhairt sé go mbfhearr trí chomhairle mhaithe i gcóir an bhóthair fhada. “Ana mhaith” ars an máighistir. “Siad so na cómhairlí a thabharfad duit.
(1) Ná gaibh an cómhgar go dtí aon tig ach gaibh an bóthar mórdtimceall[?]. (2) Ná codail in aon tig in a mbeadh bean óg pósta le seanduine. (3) Ar do bhás ná dein aon nídh indiu go mbeadh aithreachas ort amáireach ‘na thaobh. Dubhairt an feirmeóir bológ risíní a dhéanamh. Thug sé an bulóg do Sheán agus dubhairt leisí thabhairt slán foláin abhaile, agus gan greim a bhaint aiste. Bhuail Seán istig i mála í thiar ar a dhrom. D’fhágadar slán agus beannacht ag á chéile. Ba sheo chun bóthair Seán, agus nuair a bhí an oidhche ag bualadh leis bhí eagla air go mbeadh sé amuigh fá spéir na h-oidhche. Bhuail peidleár leis. Bheannuigheadar féin dá chéile. Dubhairt an peidleír go raibh tig tamall uatha agus go bhfhaighidís[?] lóisdín no h-oidhche ann. Bhí(leanann ar an chéad leathanach eile)