Scoil: Mín Árd
- Suíomh:
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Ml. Ó Caomháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín Árd
- XML Leathanach 286
- XML “Caoineadh an Athar Eoghan Ó Súilleabháin”
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)D'fhágais mairg go fairsing ar Chlár Luirc,
Agus ar pharóisde an Daingin bhí ar lasadh le grádh dhuit,
Go deo ar do charaid 's gan mhalairt i ndán dóibh,
Ó d'imthig an-acfuinn ar flaith nár cáineadh.
Tá 16 bhearsaí sa Chaoineadh seo. An Caoineadh ar fad le fághail sa "Duanaire Duibhnech", amhráin Iarthair Chiarraidhe a bhailig Seán Ó Dubhda O.S. (gan teideal)
“Seo thíos amhrán a chúm Pádruig Ó Briain mar ghell ar a bhád féin”
Seo thíos Amhrán a chúm Pádruig Ó Briain mar gheall ar a bhád féin:-
(I)Déanamh ar eadartha bó dhom,
Is mé ag feistiú mo ghnóthaí suas,
Mo mhaidí bhí tairrigthe nuadh agam,
Is iad déanta de'n bhfuinnseóig chruaidh.
Is ag an nGob a chuireas fá sheól í,
Is a h-aghaidh ar an ród ó thuaidh
Níor gabhadh riamh capall fá chóiste
Do rithfeadh lem' "Lóbaráid" mhoir.
(II)An té chídfeadh mo chleithire báid se,
Fá anaithe an ghala trom,
Uisce ar an ngunail anáirde
Is an taobh eile chómh h-árd le Teamhair,
Is dóigh liom ná deineadh a mháighistir
Ó cuireadh an Airc ar pholl
Do thabharfad do'n timcheall chómh breágh léi
Is ná teipfeadh go bráth í d'fonn.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán Ó Dubhda
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Tomás Ó Núnáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 52
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Mhin Aird Thiar, Co. Chiarraí