School: Mín Árd
- Location:
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Kerry
- Teacher: Ml. Ó Caomháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín Árd
- XML Page 298
- XML (no title)
- XML “Aimsir an Ghorta”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Bhí Ministir i mBaile an tSagairt in aice an Daingin seachtó bliain ó shoin agus b'é an ainm a bhí air ná Thompson.”
(continued from previous page)ghnó chun go bhféadfadh sé iad a chur as a seilbh. Bhí beirt shagart ón nDaingean ag teacht go Liospóil agus bhuail Maonas a tSíthig - feirmeóir i mBaile an tSagairt, ar an mbóthar leo. D'fhiafruig an tAthair Ailpín do Mhaonas an raibh aon scéal aige. "Tá, 2 ars' Maonas, "drochscéal," agus d'innis sé do'n sagart cad a thug an ministir go Sasana. Chuir an tAthair Ailpín a stól air agus thosnuig ar leigheamh as a leabhar. Dubhairt sé leis an tAthair Ó Dubháin a bhí 'na theannta "Amen" a rádh nuair a bheadh deire léighte aige féin, ach níor dhein an sagart óg rud air. Léig sé an tarna uair ach ní déarfadh an tAthair Ó Dubháin "Amen". Nuair a leigheadh na focail an triomhadh uair dubhairt an tAthair Ó Dubháin le Maonas "amen" a rádh, agus 'sé Maonas a dubhairt go dúthrachtach "Amen a Thighearna." "Is mó duine a imthigheann ná filleann," ars' an tAth. Ailpín le Maonas, agus b'fhíor do mar i gceann tamaill tháinig scéala gur cailleadh an ministir go h-obann i Sasana, t'réis cead d'fhágail na daoine bochta i mBaile an tSagairt do chaitheamh amach. Fagadh 'na seilbh ansan iad.- Aimsir an Ghortadh Bhí bean darbh ainm Máire Ní Chatháin 'na cómhnuidhe i mBaile Mhic a Dubhghaill inaice an Daingin agus feirm mhór aici. Bean ana mhaith dos na bochtaibh a b'eadh í, agus bhídís ag rith chúiche(continues on next page)
- Informant
- Mícheál Ó Súilleabháin
- Gender
- Male
- Age
- 95
- Address
- Gleann na Mine Airde, Co. Kerry