Scoil: Mín Árd
- Suíomh:
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Ml. Ó Caomháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín Árd
- XML Leathanach 402
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)groidhe a thabhairt chúcu.
D'imthigh. D'innis sé an scéal dá athair agus d'á mháthair, agus bhí an t-athair bocht tinn agus cráidhte fós. Fuair sé an téadán agus roinnt bídh agus do bhain sé as na cosaibh é gur shrois sé an áit airís. Dubhairt an driotháir aosta an téadán a cheangal air féin agus go raghadh sé síos ag triall ar an éinín. Dheineadar ach ní fada síos a bhí sé nuair a ghlaoidh sé ortha é do tharrac aníos. Dhein an tarna mac an rud céadna ach do theip ar a iarracht mar an gcéadna. Dúirt an triomhadh mac go dtabharfadh sé féin iarraidh ach dubhradar leis ná eireochadh leis ach chomh beag. Sa deire ghéilleadar do, chuireadar an téadán air agus síos leis. Scaoil sé an téadán do féin nuair a bhí sé thíos agus chuaidh sé chun breith ar an éin. Seo léi roimis amach treasna na farraige, d'oscail bóthar breágh do'n mbuachaill, agus níor dheineadar stad ná staonadh gur shroiseadar tír áluinn. Rug sé ar an téinín ann agus is é a bhí go sona sásta ag teacht abhaile dho agus an t-éinín iongantach 'na ghlaic. Bhí a bheirt driotháir ar bharra na faille roimis. Thairrigigheadar aníos é agus abhaile leo. Nuair a chonnaic an Rí an t-éan d'eirigh sé chomh maith agus bhí sé riamh, agus deirimse leat go raibh meas ar(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Dómhnall Ó Muineacháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 54
- Gairm bheatha
- Oibrí (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Mhin Aird Thiar, Co. Chiarraí