School: Mín Árd
- Location:
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Chiarraí
- Teacher: Ml. Ó Caomháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín Árd
- XML Page 401
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)fein 'na diaidh féachaint an bhfeadfadh sé í ghábhail. Chuaidh sé amach sa gháirdín agus chonnaic an t-éan. D'imthig se chun breith uirre ach ma seadh thosnuig an téan ag léimridh is ag eitilt ó chrann go crann agus ó chlaidhe go port, agus ó árdán go h-ísleán, go dtí go raibh sé ana fhada ó bhaile. Bhí buadhairt ar an máthair nuair ná raibh a mac ag filleadh, agus dubhairt sí leis an tarna mac dul ar a thuairisc. B'sheo leis agus fuadar fá, agus sa deire thiar thall bhuail bóthar leis a thug díreach go barra faille é. Is ansan roimis a bhí a dhriotháir agus e ag feachaint sios ar an t-éinín a bhí ag bun na fhaille. Ní fhéadfadh ceachtar díobh teacht uirre mar bhí an faill ró ghéar, ní fhéadfaidís a súile a thógaint di, d'fhanadar 'na seasamh ansan fá mar a bheidís fá draoidheacht.
Da mheid bróin a bhí ar an máthair indiaidh an chéad mac ba sheacht mheasa anois i nuair ná raibh an tarna mac ag filleadh. Nuair a chonnaic an mac og an cás 'na raibh si dubhairt sé go raghadh sé fein á lorg, ach cás di, ní leigfeadh sí é mar ná raibh aon mheas aice air. Sa deire chuaidh sé fein gan cead ó aoinne, agus sheól gaoth éigin fá dhéin a dhriotháraca é. Bhiodar ar bharra na fhaille fós agus a súile sáidhte acu ar an t-éinín beag gleoidhte. Thugadar órdú dho dul abhaile agus téadan mor(continues on next page)- Informant
- Dómhnall Ó Muineacháin
- Gender
- Male
- Age
- 54
- Occupation
- Oibrí
- Address
- An Mhin Aird Thiar, Co. Chiarraí