Scoil: Mín Árd
- Suíomh:
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Ml. Ó Caomháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín Árd
- XML Leathanach 428
- XML “Paidreacha”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)11. Ar chasadh na siothchána:-
Moladh go deo leat a Shlánuightheoir do rug saor mé ó'n mbuaidhreamh so, ar son nách fiú mé go gcuirfeá rath ná séan orm. Míle ghlóir leat ar son do mhór thrócaire.12. Altúghadh roimh biadh:-
Beannuig, a Thighearna, an oilemhain seo seo is mian linn do chaitheamh chum ár neartú chun do thoil naomhta do chóimhlionadh. Amen.13. Altú t'réis bídh:-
Beirimid buidheachas leat a Thighearna fé'n oileamhain so do thugais duinn. Tabhair duinn mar grásta ár saoghal, ár neart agus ár sláinte do chaitheamh chun do ghlóire. Amen.
14. Ag gabháil thar roilig duit:-
Beannuighim díbh, a fhíréana Chríost Atá annso ag feitheamh le h-aiseirighe ghlórmhair. An té d'fhulaing bás ar bhúr son go dtugaidh Sé suaimhneas síorruidhe dhíbh. Amen.15. Ag dul chun suain duit:-
Síothcháin á'r d'Tighearna Íosa Chríost
Brígh a Pháise beannuighthe,
Fioghar na Croise naomhtha, An tiodal(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nóra Ní Mhuineacháin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Brighid Bean Uí Chonaill
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 82
- Gairm bheatha
- Baintreach (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Na hAcraí, Co. Chiarraí