Scoil: Mín Árd
- Suíomh:
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Ml. Ó Caomháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín Árd
- XML Leathanach 431
- XML “Briseadh Long”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sa tsean aimsir. Suas le céad bliain ó shoin chonnacathas long mór i mbaoghal báidhte i mBágh an Daingin. Bhí aoirde sléibhe ins gach tuinn agus is amhlaidh a bhí an bád ag rith roimis an gaoith gan aon seól anáirde. Soir léithe agus lúas sídhe gaoithe fúithe. Chonnaic an Captaen go raibh cuas beag ag an bhFaill Dhearg agus thug sé aghaidh ar an áit ionnus go ndéanfaidís an talamh tirm dá
mbféidir. Bhí iongantas ar gach aoinne istig nuair a thugadar fé ndeara na seolta dá n-árdú agus í ag teacht isteach ar nós urchar ó ghunna. Do thárluig go raibh carraig báidhte sa chuaisín. Bhuail an long 'na coinnibh agus deineadh dhá leath di. Bádhadh beirt de'n gcriú acht sábháladh an chuid eile.
Do dhírig an criú ar an gcaptaen agus iad ar thalamh, agus dúbhradar gur bhfuirist d'aithint go mbeadh an mí-ádh ortha t'réis an droch bheart a dhein sé. Chuireadar 'na leith gur robáil agus gur mhairbh sé paisinéir a bhí ar bórd leó agus gur chaith sé sa bhfarraige é h-ocht lá déag roimis sin.
Bhí íle bhuidhe agus a lán rudaí le fághail ag muinntir na h-áite a bhfad na dhiaidh san agus bhíodh scata díobh ag bailiú raice gach lá. Bhí beirt fhear,(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Mícheal Ó Cinnéide
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Na Dúnta Thoir, Co. Chiarraí