School: Mín Árd

Location:
An Mhin Aird Bhuí, Co. Kerry
Teacher:
Ml. Ó Caomháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 431

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 431

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín Árd
  2. XML Page 431
  3. XML “Briseadh Long”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    sa tsean aimsir. Suas le céad bliain ó shoin chonnacathas long mór i mbaoghal báidhte i mBágh an Daingin. Bhí aoirde sléibhe ins gach tuinn agus is amhlaidh a bhí an bád ag rith roimis an gaoith gan aon seól anáirde. Soir léithe agus lúas sídhe gaoithe fúithe. Chonnaic an Captaen go raibh cuas beag ag an bhFaill Dhearg agus thug sé aghaidh ar an áit ionnus go ndéanfaidís an talamh tirm dá
    mbféidir. Bhí iongantas ar gach aoinne istig nuair a thugadar fé ndeara na seolta dá n-árdú agus í ag teacht isteach ar nós urchar ó ghunna. Do thárluig go raibh carraig báidhte sa chuaisín. Bhuail an long 'na coinnibh agus deineadh dhá leath di. Bádhadh beirt de'n gcriú acht sábháladh an chuid eile.
    Do dhírig an criú ar an gcaptaen agus iad ar thalamh, agus dúbhradar gur bhfuirist d'aithint go mbeadh an mí-ádh ortha t'réis an droch bheart a dhein sé. Chuireadar 'na leith gur robáil agus gur mhairbh sé paisinéir a bhí ar bórd leó agus gur chaith sé sa bhfarraige é h-ocht lá déag roimis sin.
    Bhí íle bhuidhe agus a lán rudaí le fághail ag muinntir na h-áite a bhfad na dhiaidh san agus bhíodh scata díobh ag bailiú raice gach lá. Bhí beirt fhear,
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. time
      1. historical periods by name (~25)
        1. the great famine (~4,013)
    Language
    Irish
    Informant
    Mícheal Ó Cinnéide
    Gender
    Male
    Age
    70
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Na Dúnta Thoir, Co. Kerry