School: Baile Uí Dhuibhne
- Location:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí
- Teacher: Seán Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Seo iad na comharthaí aimsir bhreágh is mó bhíonn ag na daoine san áit seo:-1) Ní bhíonn aon scamaill san speír.2) Bíonn an ghrian ag lasadh 's a muchadh.3) Tá tráigh laisthíos dúinn go nglaodhtar "Tráigh Bháin" air agus nuair a bhíonn sé ag glóráil sin comheartha eile.
Seo iad na comharthaí droch aimsire is mó bhíonn ag na daoine san áit seo:-1) Thagann na géanna fiadhaine ó Oileán na h-Árann go dtí Loch Léin roim sneachta.2) Tagann na druide o's na tíortha eile.
3) Bíonn an spéir ana dhorcha4) Bíonn an spéir chómh glan le scilling nuair a bhíonn sé chun seaca a chur5) Bíonn sé lán de réilthíní6) Nuair a bhíonn bogha sín mór timcheall na gealaighe7) Bíonn an spéir lán do scamaíll agus iad ag gluaiseacht go mear8) Nuair a bhíonn sé chun cith báistighe do dhéanamh thagann bogha sín ar an spéir9) Thagann dath dearg ar an speir10) Nuair a bhíonn mórán gaoithe ann agus smuit an bhóthair ag eirighe sin cómhartha báistighe11) Bíonn glór mór á dhéanamh ag "Cam Trágha."(continues on next page)- Collector
- Siobhán Ní Leighin
- Gender
- Female