School: Baile Uí Dhuibhne
- Location:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí
- Teacher: Seán Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Uí Dhuibhne
- XML Page 721
- XML “Pósaithe”
- XML “Pósaithe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- I mí Feabhra is mó a phósann daoine san áit seo. Fadó tugtaí stoc mar spré i geall le h-airgead. Ach tá an nós san imthighthe, airgead a tugtar mar spré anois. Fadó do bhíodh capaill iallaite agus capaill cóistí san cóisire aca, agus taréis don lanmhain do bheith pósta théigheadh dream na gcapall iallaite agus dream na gcapall gcóistí ag rás le na chéile ar fead na mílte den bhóthar féachaint cé aige go mbíodh an capall dob fhearr annsan tugtaí abhaile i gcómhar na hoidhche go thgh an phósta agus bhíodh rínnce agus ceól agus meidhiréis go leór go maidin aca.
- Tosnuigheann an Inid Lá Nodlag beag. Ní bhíonn an Inid an fhaid chéadhna aon bhliain agus sin é an t-am go ndeineann na daoine go léir nách mór pósaidhte. Ní phósann aon lámhnú i mí na Bealtaine ná insa Lúghnasa, ná i nDeire Fóghmhair. Ní phósann siad Dé Luain, ná Dardaoin ná Dé h-Aoine mar deirtear go bhfuil sé mí-rathmhail. Deir na seandaoine nach ceart don bhean óg aistriú Dé Luain ná Dardaoin ná Dé hAoine. Deiridís nár ceart don mháthair a bheith ar phósadh an mhic ná ar "Drag Home" na h-inghne. Insa seana shaoghal do thugaidís garraidhe(continues on next page)
- Collector
- Bríghidh Ní Loingsig
- Gender
- Female