Scoil: Cromán (C.) (uimhir rolla 12821)
- Suíomh:
- An Cromán, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Caitlín Bean Uí Shiodhacáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cromán (C.)
- XML Leathanach 187
- XML “Daoine Cáiliúla - Fir Láidre”
- XML “Daoine Cáiliúla - Fir Láidre”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Uair amháin bhí Domhnall Ó Súileabháin, Dúcha, Gleann-Bheithe agus triúr fear eile ag tarrach na gcloch mór. Bhí cloch mhór throm ann geall le dhá céad meadhchaint agus do theip ar na triúr fear é do thógáil. Shíleadar annsaoin nár bh'féidir le h-aon duine aca é do thógáil 'na aonar. Ach nuair a tháinig turas Dhómhnaill do thóg sé an chloch 'na bhacalann agus do chuir sé isteach san gcárr é 'na aonar.Do thóg Séamus Ó Conchubhair, Dúcha, Gleann Bheithe mála plúir agus mála mine le chéile agus do chuir sé isteach sa charr iad.
- Bailitheoir
- Luighreach Ní Chonmhaighe
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Na Dumhcha, Co. Chiarraí
- Do thóg Donncadh Ó Brian, Lónart, Cill-Orglan cúig céad meadhchaint le h-aon láimh amháin.Do chaith Seán Ó Téacháin, Glaise, Cill-Orglan cloch dhá chéad meadhchaint dhá throigh déag uaidh.