Scoil: Cromán (C.) (uimhir rolla 12821)
- Suíomh:
- An Cromán, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Caitlín Bean Uí Shiodhacáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cromán (C.)
- XML Leathanach 206
- XML “Cleamhnaistí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Deintear cleamnaistí annso go mór mhór in aimsear na h-Inide.
Má bhíonn inghean ion-phósta ag fear agus spré aige di cuireann sé stóchach d'fhear a cheapann sé a bheadh feirm oireamhnach di, le sgéul an cleamhnais:
Má thaithneann an cailín agus an spré le muinntir an fhir óig agus má bhíonn athair an chailín sásta leis an bhfeirm socruigheann siad an cleamhnais agus lá an phósta.
Cúpla lá roimh ré tugann siad cuireadh dá gcáirdibh teacht chun na cóisire.
Maidean lae an phósta tagann na daoine a gheibheann cuireadh go dtí tigh an chailín.
Bíonn biadh agus deoch go leór le faghail acu agus bíonn spórt mór acu. Fanann siad ann go dtí go mbíonn sé in am dóibh dul go dtí an seipéal.
Annsan téigheann siad go léir go dtí an seipeal i ngluisteáin, Drag a tugtar ar sin.
Nuair a bhíonn siad pósta téigheann siad go léir go dtí tigh na lánamhna, i gcóir an dinnéir.
Bíonn biadh agus deoch de gach saghas ann.
Nuair a bhíonn an dinnéar thart tosnuigheann siad ag rinnce, agus seinmh ceoil agus leanann siad go dtí maidean lá'r na bárach.
Ni bhíonn ac cupla gluaisteán ag an gcóisire le deannaighe, ach gheall le cúig bliana deúg ó shoin bíodh suas le(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Ghríbhthín
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Cromán, Co. Chiarraí