Scoil: Cromán (C.) (uimhir rolla 12821)
- Suíomh:
- An Cromán, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Caitlín Bean Uí Shiodhacáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cromán (C.)
- XML Leathanach 314
- XML “Scéal Grinn”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sgeul Grínn.
Bhí fear síubhal ann fado dár b'ainm do Mhuiris Na Cuilte, lá bréagh san bhFóghmhar tháinig sé isteach i dtig agus bhí aithne maith ag na daoine ar Mhuiris, bhí bainteóirighthe ag baint coirce agus dúbhairt fear an tíghe le Muiris an raghadh sé ag baint an choirce i dteannta na bhfiar eile.
Raghainn arsa Muiris dá mbeadh crann agam. Fuaireadar breichfeast maith do Muiris.
Nuair a bhí a breichfast ithte aige thug fear an tíghe crán dó. A dhuine arsa Muiris ní fhéadhfainn-se cromadh in-aon-chor.
Dá mbeadh an coirce ag fás i mbárr na chlathacha do ghearrfhainn go maith é agus do bhailigh Mhuiris leis abhaile agus a bholg lán.
Siobhán Ní Théacháin.
Cromán,
Cill-Orglan.
Fuaireas an sgeul so ó
Donncadh Ó Téacháin.
Croman
Cill-Orglan.
Aois - 65b.
a gairm - beatha - feirmeóir.
Cár tógadh é - I gCromán Íochtar.- Bailitheoir
- Siobhán Ní Théacháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Cromán, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Donncadh Ó Téacháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Cromán, Co. Chiarraí