Scoil: Cromán (C.) (uimhir rolla 12821)
- Suíomh:
- An Cromán, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Caitlín Bean Uí Shiodhacáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cromán (C.)
- XML Leathanach 285
- XML “Díol agus Ceannach”
- XML “Díol agus Ceannach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí sé siopaí annso fadó.
Cheannuigheadh muinntir na siopaí na h-earraidhe a bhíodh á ndíol acu I gCill-Áirne agus i dTráighlí.
Bíodh earraidhe á ndíol acu in-aice an tséipéil gach Domhnach agus díolaidís ubha agus feoil agus mar sin de.
Do mhalartuighdís earraidhe ar earraidhe fadó. Malartuighdís uibhe ar phlúr agus mar sin.
Bíodh leisce ar na daoine aon ní do dhíol nú do cheannach gach Domhnach.
Bíodh an margadh ar siubhal i gCill-Orglan fadó gach Diardaoin agus tá sé ann fós gach Dé Máirt.
Biodh peidléirí annso fadó á bailiú cirteacha chun páipeár a dhéanamh agus bíodh snáth, snáthad agus iall bróga a ndíol acu. Bíodh hucstaearí ag cheannach uibe, scadáin agus maircréal agus mar sin.Máire Ní Ghealbháin,
Oileán Stúca- Bailitheoir
- Máire Ní Ghealbháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Cromán, Co. Chiarraí
- Bhí sé siopaí annso fadó.
Do cheannuigheadh muinntir siopa na rudaí a bhí ag tastáil uatha i gCill-Orglan agus I gCill-Airne.
Bíodh úbhla agus píona le ndíol aca tar éis Aifrinn.
Bíodh cabáin in aice an t-seipéil Lá le Pádruig agus Domnach Cásca agus laetheannta eile mar sin. Ní raibh(leanann ar an chéad leathanach eile)