Scoil: Cromán (C.) (uimhir rolla 12821)
- Suíomh:
- An Cromán, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Caitlín Bean Uí Shiodhacáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cromán (C.)
- XML Leathanach 276
- XML “Tithe na Seanaimsire”
- XML “Tithe na Seanaimsire”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bíodh finneán mar ceann ar sean-tighthibh fadó a gheibhidís ins na purteach.
Bíodh leabaidh sa chistin ins an cúinne ar a dtugtar "a camp bed" uirthe sin.
Bíodh an tinnteán i gcoinnibh an bian agus an simné.
Bhíodh mianach cloca agus moirtéal ins na sean-tightibh fadó agus bhíodh tighthibh timcheall céad bliana ó shoin ag na daoine ar a dtugaidís "mud wall houses" ortha.
Ní bhíodh ach aon doras ins na tighthibh agus dúnaidís é sin le cipín nú le bara iarainn agus aon fhuinneóg agus bíodh féur agus píosa éadaigh ar na fuinneóga istoidhche chun an fuar do coimeád amach.
Bíodh leath-doras ins gach tig fadó.
Clocha beaga agus cré bhíod mar úrlár ins na tighthibh sa t-sean-aimsire.
Bíodh móin chun na tine ag na daoine.
Bíodh"bogwood" ins na tine acu chun solas a bheireadh dóibh.
Deinidís coinnle san ait so fadó.Máirgréad Ní Fhoghladha,
Cromán Uachtar.- Bailitheoir
- Máirgréad Ní Fhoghladha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Cromán Uachtarach, Co. Chiarraí
- (ar lean ón leathanach roimhe)go dtí go raibh sé leaghtha, agus annsan leigidis isteach sa mhúnla, annsan cuiridís snáth-cadár tríd, annsan tógadaís amach agus biodh sé 'na coinnle.Máire Ní Shúileabháin.
Lios Na Gaoithe.