Scoil: Cromán (C.) (uimhir rolla 12821)
- Suíomh:
- An Cromán, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Caitlín Bean Uí Shiodhacáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cromán (C.)
- XML Leathanach 224
- XML “Ainmhithe na Feirme”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá capall, dhá asal, ocht mba agus sé gamhna againn.
Ainmneacha na mbó -
Dearg, Bánaí, Cúibí, Breací, Donní, Maol, Kerry agus Petty.
Nuair a bhíonn na daoine ag tiomáint na mbó deireann siad "habha ! habha".
Tugtar cró na mbó ar an dtig a bhíonn acu.
Cuirtear túighe agus aiteann mar easar fé's na buaibh annso.
Ceangluightear na ba tímcheall na n-adharc le teid bhig a bhíonn ceangailte le píosa adhmaid a bhíonn buailte go daingin 'san bhalla.
Uaireannta cuirtear buairchín ar chosa deiridh na bó má bhíonn sí ana chrosta nuair a bhítear a crúdhadh.
Má bhíonn bó ag léimridh thar claidheacha cuirtear crobh-naisc uithi.
Tugtar crobh-naisc ar an dtéid a cheanglann an adharc agus an chos le cheile.
Tugtar laincis ar an dtéid a cheanglann cos tosaig le cos deiridh.
Ceangluightear gamhain leis an gcois go dtí go mbíonn sé mí d'aois agus 'na dhiaidh sin is timcheall a mhuinéil a deintear é a cheangal.
Uaireannta cantar amhrán ag crúdhadh na bó chun í do mhealladh a cuid bainne a thabhairt uaithe go bog.
Is minic a cuirtear a laogh óg in-aice na bó agus í a crúdhadh nuair ná bhíonn fonn uirthi an bainne a thabhairt.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Luighseach Ní Chonmhaighe
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Na Dumhcha, Co. Chiarraí