Scoil: Cromán (C.) (uimhir rolla 12821)

Suíomh:
An Cromán, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Caitlín Bean Uí Shiodhacáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0437, Leathanach 280

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0437, Leathanach 280

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cromán (C.)
  2. XML Leathanach 280
  3. XML “An Reilig”
  4. XML “An Reilig”
  5. XML “An Reilig”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    i nDrom-Abhaile.
    Ní fadó a cuireadh daoine innti.
    Cuirtear na leanbhaí a gheibheann bás gan baiste i gCaith na leanbh agus ins an gCillín.
    Tugtar Cillín ar an ceann atá i gCromán.
    Úsáidtear iad fós.
    Bríd Ní Chárthaig,
    Cromán Íochtar.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Tá aon reil amháin sa pharróiste seo agus tugtar Drom-Abhaile uirthi.
    Tá sí inaice baile Cill-Orglan.
    Tá cuma dronnuilleóga uirthi.
    Tá crainn ag fás innti.
    Na daoine a gheibheann bás annso cuirtear i nDrom-Abhaile iad.
    Na leanbhaí a gheibheann bás gan baiste san gceanntar so cuirtear i gcillín iad.
    Tá cillín iLonart agus ceann i gCromán agus cillín eile i nDúca.
    Tá tuir aitinn tímcheall an cillín i gCromán.
    Tá alán croiseanna agus tuambaí i nDrom-Abhaile.
    Úsádtear na cillíní fós agus úsádtí fadó iad
    Caitlin Ní Sheógh,
    Tullach Uachtar.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. earraí
      1. struchtúir de dhéantús an duine
        1. séadchomharthaí (~6,794)
          1. reiligí (~2,501)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Caitlín Ní Sheógh
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Tulaigh Bheag, Co. Chiarraí
  3. Tá dhá reilg sa pharróiste seo ceann i gCill-Orglan chun na daoine do chur ann agus tugtar Drom-Abhaile ar an gceann san.
    Tá reilg beag i gCroman chun leanbhaí a cailleadh gan baiste do chur ann.
    Tá an ceann i gCromán cruinn agus cuma dronuilleóige atá ar an ceann eile.
    Tá fothrac teampuill aosta sa reilg I gCill-Orglan agus níl aon cheann I gCromán.
    Do chuireadh daoine sa
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.