Scoil: Curraichín (C.) (uimhir rolla 15979)
- Suíomh:
- An Curraichín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Eibhlín Ní Chonchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Curraichín (C.)
- XML Leathanach 221
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí bean feirmeóra ann agus ní raibh sí ró fial fé'n mbiadh. Bhí méithioll fear aici lá ag cur coirce. Bhuail stróinséar isteach chúcha nuair a bhíodar ag ithe an dinnéir. Dubhairt an bhean feirmeóra leis an stróinséar "Cad as an gamhain geal atá agat". ""Andheas ó's na gleannta agus ní h-éoluigheadh dom theannta".
"Cad is ainm duit " a dubhairt sí.
"Sean Biatai" adubhairt sé.
"Seadh a Sheáin " adubhairt sí Dheineas cheana le toil mná tighe dul go dtí an bórd i dteannta na bhfear ag ithe. "Ní hé sin a deirim leat" adubhairt sí.
"Is ró-mhaith a creidim é" ar seisean.
Annsan arsa'n bhean leis
"A bhacaig gan léine,
Níl caoi agam seasamh led chaint.
Bhí do bhean annso indé agam
Is tú féin indiu le soinnt
Do fhreagair an stróinséar í mar seo
"Mo chreach is mó léan ní raibh mo bhean annso indé
Ná mé féin indiu le na beann,
Mar tá mo bhean i gCill n-Éan
Agus leac lena ceann.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Brighid Ní Séaghda
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Caladh an Uisce, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Mícheál Ó Séaghdha
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 69
- Seoladh
- Caladh an Uisce, Co. Chiarraí