Scoil: Curraichín (C.) (uimhir rolla 15979)
- Suíomh:
- An Curraichín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Eibhlín Ní Chonchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Nuair a bí an t-ocras i Sráid Bhaile Mhisteála. Bhí sé chom dian agus bí sé in-aon bhall mar bí alán daoine bochta ann agus bhíodar ana dhealbh. Bí an sgeul chomh h-olc san acu go raibh an t-Athair Murchadha ag ceannach mine agus ghá raint ortha i dtreó ná bhfaighidis bá de'n ngorta.Dairig fear bocht darbh ainm dó Bearrach go raibh an mhin dá thabhairt amach i mBaile Mhistéala. Cheap sé níd nár bh'iongnadh go raibh Seaghán Ua Gríobtha bocht ag fagháil na mine agus go bhfaigheadh sé féin béile de'n mhín le nithe ach dul ó thuaidh go tig Sheáin. Súid ó thuaidh é agus an t-ocras air. Chuaidh sé isteach go tig Sheáin
"An bhfuil aon rud annso a dhíosfadh fear ocrac" ar seisean.
Ní raibh aon blúire bídh fé dhíon tighe aige.
"Measas go mbeadh cuid de'n mhin agaibh" arsan Bearrac.
"Cad í an mhin" arsa Seághan.
An mhin seo atá dá thabhairt amach thuaidh annnsan i mBaile Mhisteála" arsan Bearrach.
"Níor airigheas focal 'na thaobh" arsa Seaghán.
"Greadad cúghat" arsan Bearrach "Imthig ó thuaidh láithreach agus tabhair chughainn cuid di."
"Nil aon airgead agam" arsa Seaghán.
"Tá an sagart paróiste ag tabhairt na
(lean ar leath '75)(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Brighid Ní Séaghdha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Caladh an Uisce, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Mícheál Ó Séaghdha
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Caladh an Uisce, Co. Chiarraí