Scoil: Curraichín (C.) (uimhir rolla 15979)
- Suíomh:
- An Curraichín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Eibhlín Ní Chonchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Curraichín (C.)
- XML Leathanach 296
- XML “Cathaoir Shúgáin”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Nuair a bhíonn duine chun cathaoir shúgáin do dheunamh faghann sé an t-adhmud ar dtúis agus deineann sé é do ghearradh i bpíosaí de'n mhéid cheart. Tosnuigheann sé le drom na cathaoireach agus deineann sé é sin ar dtuís. Annsan deineann sé na glúine. Nuair a bíonn siad san deunta aige faghann se an t-aráthar agus deineann sé an fráma do phollú. Nuair a bhíonn na puill deunta aige sa fráma faghann sé na rungaí agus deineann sé iad d'ollamhú. Cuireann sé gach ceann aca i n-a aít féín tríd an bhfráma. Tosnuigheann sé ar an suidheachán do dheunamh annsan. Faghann sé punann tuighe chun na súgáin do dheunamh. Bíonn fear ag casadh le "Chrúicín" de réir mar a mbíonn fear eile ag leigint an tuighe chuige. Nuair a bhiónn súgán mór fada deunta aca deintear liathróid de agus tosnuigheann siad ar an suidheachán do chur isteach sa chathaoir. Is amhlaidh a chuireann siad greim ar cheann an tsúgáin ar an runga ar thaobh na laímhe deise agus tugan siad treasna go dtí an runga ar thaobh na láimbhe chlé é. Cuireann siad an sugán mór timcheall mar sin ó thaobh na laímhe deise go dtí taobh na laímhe chlé. Annsan iompuigheann said an(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Mhurchadha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Na Dumhcha, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Ríoghbhardáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 77
- Seoladh
- Na Dumhcha, Co. Chiarraí