Scoil: Curraichín (C.) (uimhir rolla 15979)
- Suíomh:
- An Curraichín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Eibhlín Ní Chonchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Curraichín (C.)
- XML Leathanach 317
- XML “Stoirmeacha”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Timcheall fiche bliadhain ó shoin bhí gála mór ann. Cúpla lá sar a dtáínig an gála bhí an gealach ag eitilt san spéir agus bhí tonntacha na fairrge ag eirighe ar buille imeasg a chéíle. Do chualathas Tonn-Tóíme na mílte ó bhaile mar is gnáthach nuair a bíonn gála ag teacht. Teasbáineann an fhairrge comharthaí stoirme i gcomhnuidhe. Do leag an stoirm cuid mhaith des na crannaibh i gCoill na gCórai. Do leag sé sgioból a bhí ag fear gur b'ainm dó Seán Ó Séaghdha i gCois na hAbhann. Do tháinig báisteach ana throm indiaidh na stoirme agus dárduig an tuille chómh hárd san ar Loch Carrthaighe gur tháinig bád ón loch anuas leis an dtuille go dtí go dtánaigh sé go dí Droichead Carrthaighe. Níór fhéad sé dul níós sia. Do chuaidh sé i n-achrann sa droichead i slighe gur stop sé an tuille. Dárduig an tuille cómh mór san gur leag sé an droicead. Do sgéith an tuille mórtimcheall na páirceanna agus do thug sé cúpla coca féir of ear gur b'ainm dó Séamus Ó Laighin. Do bheir sé alán(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire Ní Shéaghdha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Rinn na nDealgán, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Séaghdha
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Rinn na nDealgán, Co. Chiarraí