Scoil: Cill Mac Ciarainn (uimhir rolla 13796)
- Suíomh:
- Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Cathasaigh
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0474, Leathanach 173](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0474%2FCBES_0474_173.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0474, Leathanach 173
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Mac Ciarainn
- XML Leathanach 173
- XML “Seanráite”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)1. Faghann na ba bás an fhaid a bhíonn an féar ag fás
2. Seachain is ná taobhaigh
Is ná tabhair do dhuine féin ar éinne
3. Is mairg a bhíonn i dtír gan duine leis féin
Lá an bhruighin a luigheann an maide ar a thaobh
Is a tharrac i gCill seadh bhíonn a cháirde ag éigheamh
4. Ó b’annamh leis an gcat srathar a bheith air
5. Is fearr an mhaith a deintear is a maoidhtear
Ná an maith ná deintear choidhche
6. Dhá dtrian galair ar an oidhche
Dhá dtrian gaoithe i gcrannaibh
Dhá dtrian sneachtadh ar shléibhtibh
Dhá dtrian cainnte go lucht póite
Dhá dtrian comhairle ag fear céile
Dhá dtrian rinnce gothí
Dhá dtrian a dtaisgitear ní fios cé chaitheann é
Dhá dtrian baois – an óige
Dhá dtrian sainnte aige lucht saidhbhris
7. Saidhbhreas a méaduigheann sainnt
8. Trúmpa gan teanga nú madra gan fiacal
9. An té bhíonn siubhlach bíonn sé sceulach
Is an té bhíonn sceulach bíonn sé breugach
10. Chífidh fuil fuil ag dul le gorta
Ach né fheicfhidh fuil, fuil á ghortadh
11. Is dall iad súile i gcúil an duine eile
12. Más pósan tú in aon chor pós anuiridh(leanann ar an chéad leathanach eile)