Scoil: Baile an Tighearna (Ballyhearnay) (uimhir rolla 10819)
- Suíomh:
- Baile Uí Thiarnaigh Thiar, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Partolan Ó Gríbhthín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Nuair a bíodh aoinne i dtrioblóid cuireadh siad fhios air. Tháinig fear bocht isteach chuige lá chun an taon bhó amháin a bhí aige a tarrainge as poll portaigh a bhí sé na seacht troighthe doimhin. Chuaidh Dómhnall agus bhí sgata de's na cómharsanaibh bailighthe ag iarraidh ar í do tarraingt.Chuaidh Dómhnall go dtí an port agus deirtí gur chuir sé a lámh síos is gur rug sé greim eirbeall ar an mboin is gur tharraing sé amach ar an bport leis an greim sin í.Bhí na daoine go léir á mholladh agus thugadar fé ndeara go ndeanadh sé rudaí deacracha in a aonar a thógadh triúr no ceatharar eile cun iad do déanamh.
Bhí gabha eile 'na chómhnaidhe i mBaile na Mánach, fear maith oibre a beadh é leis. Bhí clann aige is a bhean le cothú, agus bhíodh sé ag obair go hana déidhneach isd oidhche agus ó Luain go Satharn gan stop, acht i deire na seachtmhaine ní bhíod aon rud spártha aige.Bhí an rud sin ar siúbhail ar feadh i bhfadh agus bhí sé ag dul i mboichte ó ló go ló. Sa deire chuaidh sé i gcómhairle fir ciallmhair agus d'innis sé a sgéul dó agus bhí an fear ciallmar ábalta ar é do réidhteach.Dúbhairt an fear ciallmhar gurb é buile deirneach an tSathairn 'gus buile luath an Luain a dhein an thrioblóid dó mar dúbhairt sé leis go mbíodh sé ag obair(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eibhlís Ní Loingsigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Comhartha Mór, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Muiris Ó Concubhar
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 52
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Comhartha Mór, Co. Chiarraí