Scoil: Clochar na Trócaire, Ceann tSáile (uimhir rolla 4572)

Suíomh:
Cionn tSáile, Co. Chorcaí
Múinteoir:
An tSr. De Pazzi
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0320, Leathanach 011

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0320, Leathanach 011

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochar na Trócaire, Ceann tSáile
  2. XML Leathanach 011
  3. XML “Tobar na Tríonóide”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Le h-ais roilige na marbh ar bharr Bán na Fúrta tá Tobar na Tríonóide. Os cionn na tiobraite sin tá stuagh bríce. Bhailigheadh na daoine 'na sluaighte ag tabhairt na turas ann ar Domhnac na Tríonóide gach bhliadhain. As so a thainig a ainm. I mbádaibh seadh a thagadh an lucht oilithreachta ó Dhun Cearma agus ó áiteannaibh eile fan an gcósta. Ach fáiríor géár le h-imtheacht aimsire ní fonn cráibteacht a bheireadh ann iad ach fonn spóirt go dtí sa deire gur dheineadhar dearmhadar ar fad beag nách, dena paidreacha. Bé a thoradh san gur chuir na sagairt stop leis an dturas ar fad.
    An teampall a thóg an chlann uasal "Barry Oge" cúpla slat óna gCaisleán Rinncorráin. Bhí sé ann go dtí an tráth úd 'na raibh an Gall ag creacadh agus ag sladadh ár dtír dutchais. Annsan do leagadh é. Agus sgathamh aimsire na dhiaidh sin (1670) nuair a bhíothas ag tógaint an Caisleáin as a chéile cun an Dún
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Criostína Ní Bhuachalla
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Cionn tSáile, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Séamus Breathnach
    Inscne
    Fireann