Scoil: Clochar na Trócaire, Ceann tSáile (uimhir rolla 4572)
- Suíomh:
- Cionn tSáile, Co. Chorcaí
- Múinteoir: An tSr. De Pazzi
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Cionn t-Sáile - Ceann Sáile - Is follus ó ainm ársa seanda an bhaile seo go bhfuil sé cois fairrge. Sé míle déag siar ó dheas de Chathair Chorcaighe atá cuan Cionn t-Sáile. Bhí aimsear ann i na raibh láthair an chuain seo i na thalamh tirim. Is eol dúinn ná raibh Éire i na hoileán i gcómnuidhe fé mar atá sí anois. Cuid de'n Mhór Roinn b'eadh í - An Mhór Roinn a shín soir isteach in lar-Thuaisceart na hEorpa, agus amach sa bhfairrge ar an dtaobh eile chun na háite i na bhfuil Tuaisceart Mheiriceá indiu. Bhí Éire i na fásach an uair sin. Is san tráth úd a rinneadh an t-sean-chloch-ghainimh dhearg atá mar chnámh[?] in lar-Dheisceart na hÉireann agus atá le feicéal ar na sean-bhóithribh gharbha i gCionn t-Sáile gus indiu.
Le linn an ama in ar leagadh an chloch-ghainimh bhí talamh fosach siar ó dheas de Chiarraighe agus de Chorcaigh, áit ina bhfuil(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Dhonnbháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cionn tSáile, Co. Chorcaí