Scoil: Clochar na Trócaire, Ceann tSáile (uimhir rolla 4572)
- Suíomh:
- Cionn tSáile, Co. Chorcaí
- Múinteoir: An tSr. De Pazzi
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)gur tógadh iad sa bhliadhain a míle trí céad, ochtmhoghadh is a h-aon, mar do thug Rí Shasana, Ristéard ll, airgead chun na hoibre sin a dhéanamh. Bhí beirt de bhallaibh Pairleimente ag an mbaile san am san. Bhí tráchtáil mhór ag siubhal sa chuan agus cead ag muinntir an bhaile cáin do leagadh ar earraí a theacht isteach. Mar sin a bhí an sgéal ag Cionn t-Sáile, nuair ná raibh i mBéal Freiste ach baile beag agus i nDún Laoghaire ach sráidbhaile iascach. Rud níos mó le rádh fós, bhí clú agus cáil ar an mbaile i gcúrsaí chrábhaidh agus léighinn. Bhí mainistir de Mhanaigh léigheannta bunuighthe ann agus ceann eile leis - Mainistir na gCanónach Riaghalta, sin uile, sar ar tosnuigheadh ar Eaglais mhóir "Naomh Pol" do chur ar bun i Lúndain.
- Bailitheoir
- Máire Ní Dhonnbháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cionn tSáile, Co. Chorcaí