School: Clochar na Trócaire, Ceann tSáile (roll number 4572)

Location:
Kinsale, Co. Cork
Teacher:
An tSr. De Pazzi
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0320, Page 021

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0320, Page 021

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochar na Trócaire, Ceann tSáile
  2. XML Page 021
  3. XML “An Baile”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    gur tógadh iad sa bhliadhain a míle trí céad, ochtmhoghadh is a h-aon, mar do thug Rí Shasana, Ristéard ll, airgead chun na hoibre sin a dhéanamh. Bhí beirt de bhallaibh Pairleimente ag an mbaile san am san. Bhí tráchtáil mhór ag siubhal sa chuan agus cead ag muinntir an bhaile cáin do leagadh ar earraí a theacht isteach. Mar sin a bhí an sgéal ag Cionn t-Sáile, nuair ná raibh i mBéal Freiste ach baile beag agus i nDún Laoghaire ach sráidbhaile iascach. Rud níos mó le rádh fós, bhí clú agus cáil ar an mbaile i gcúrsaí chrábhaidh agus léighinn. Bhí mainistir de Mhanaigh léigheannta bunuighthe ann agus ceann eile leis - Mainistir na gCanónach Riaghalta, sin uile, sar ar tosnuigheadh ar Eaglais mhóir "Naomh Pol" do chur ar bun i Lúndain.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Dhonnbháin
    Gender
    Female
    Address
    Kinsale, Co. Cork