Scoil: Clochar na Trócaire, Ceann tSáile (uimhir rolla 4572)
- Suíomh:
- Cionn tSáile, Co. Chorcaí
- Múinteoir: An tSr. De Pazzi
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)é ag gearradh le na linn sin, fíoghar na croise dhe, d'ól sí annsan í. Dó bhí an fear ag cur na súil tríthi ar feadh na h-aimsire agus b'ait leis cad é an brígh a bhí le tomadh an bhruibh san digh. mar sin. "Do bhí nímh inntí" arsa Bhrighid "nimh" ar seisean agus iongnadh an domhain air "nimh agus cé chuirfeadh nimh inntí?" "do bhean féin annsin" arsa Bhrighid. Níor dhein an bhean ach í feín do chaitheamh ag cosa Bhrigdhe 'ghá iarraidh, go bog is go cruaidh uirthi maitheamhnas do thabhairt dí. "Déanfadh má innisigheann tú dom cad do bheir duit bás le nimh a bheartú dom?" arsa Bhrighid. "An chrois oír atá fá do mhuineál agat" ar sise. Ón lá sin go lá a bás deirtear nár chait an Naomh chrois oír ach crois airgid agus í fá clúdach aice gan cathú do cur ar chách. Dubhairt sí le Críostuighte i n-dhiaidh sin aoinne dhéanfadh crois-luachra nó crois dá leitheíd agus í chur fá dhíon tighe i gcuimhne ar a saoradh féin ó bhás le nimh go mbeadh an tighe sín fá n-a coimrighe féin a's ná bainfeadh dóghadh ná dochar do'n tigh sin ná do mhuinntir an tighe ach comh beag.
Norá Ní Flanagaín
Barrac Green
Cionn t-Sáile
Fuaras an t-eolas ó mó Sean-mháthair Mrs Cooney- Bailitheoir
- Norá Ní Flanagaín
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Faiche na Beairice, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Mrs Cooney
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Baineann