School: Clochar na Trócaire, Ceann tSáile (roll number 4572)
- Location:
- Kinsale, Co. Cork
- Teacher: An tSr. De Pazzi
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)é ag gearradh le na linn sin, fíoghar na croise dhe, d'ól sí annsan í. Dó bhí an fear ag cur na súil tríthi ar feadh na h-aimsire agus b'ait leis cad é an brígh a bhí le tomadh an bhruibh san digh. mar sin. "Do bhí nímh inntí" arsa Bhrighid "nimh" ar seisean agus iongnadh an domhain air "nimh agus cé chuirfeadh nimh inntí?" "do bhean féin annsin" arsa Bhrighid. Níor dhein an bhean ach í feín do chaitheamh ag cosa Bhrigdhe 'ghá iarraidh, go bog is go cruaidh uirthi maitheamhnas do thabhairt dí. "Déanfadh má innisigheann tú dom cad do bheir duit bás le nimh a bheartú dom?" arsa Bhrighid. "An chrois oír atá fá do mhuineál agat" ar sise. Ón lá sin go lá a bás deirtear nár chait an Naomh chrois oír ach crois airgid agus í fá clúdach aice gan cathú do cur ar chách. Dubhairt sí le Críostuighte i n-dhiaidh sin aoinne dhéanfadh crois-luachra nó crois dá leitheíd agus í chur fá dhíon tighe i gcuimhne ar a saoradh féin ó bhás le nimh go mbeadh an tighe sín fá n-a coimrighe féin a's ná bainfeadh dóghadh ná dochar do'n tigh sin ná do mhuinntir an tighe ach comh beag.
Norá Ní Flanagaín
Barrac Green
Cionn t-Sáile
Fuaras an t-eolas ó mó Sean-mháthair Mrs Cooney- Collector
- Norá Ní Flanagaín
- Gender
- Female
- Address
- Barrackgreen, Co. Cork
- Informant
- Mrs Cooney
- Relation
- Grandparent
- Gender
- Female