School: Clochar na Trócaire, Ceann tSáile (roll number 4572)
- Location:
- Kinsale, Co. Cork
- Teacher: An tSr. De Pazzi
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)buile na gcamán agus fuaim na liathróide acht ní feichtí aoinne.
Deirtear leis go mbíodh droch-sprid i gcroth choinín le feiscint ann, coinín ceann dánac, a bhíodh ag ruith agus ag léimrigh dó fein, gan sgáth na eagla pé saghas fiadhuidhe no madra a bhíodh láithreac. Timcheall leath céad bliadhain ó shoin agus in am marbh na h-oidhche do bhí sgata buachaillí balighthe ar an dtaobh amuigh de dhoras tighe in aice Scoile na gCeard. Bhí maistín mór láidir ag duine acu agus é 'na luidhe ar lic an dorais. Igceann tamaill tháinig an coinín aníos an cnoch. Chonnaic an madra é. Do thug sé léim as a chorp síos le fán an chnuich leis. Acht comh luath agus shrois sé an coinín do baineadh an teaspach dé. Pé rud do dhéin an sprid i bhfuirm coinín do shiúbhail an madra tar n-ais go mall réidh, a cheann fé, agus an eirball ag cimilt leis an dtalamh.
Agus seo buille fé thuairim i dtaobh na iománuidhe agus an coinín. Breis agus dhá chéad bliadhan ó shoin pairc 'a' bháire a b'eadh an cnoch so comh maith agus is féidir liom a dhéanamh amach. Acht pé sgéal é is deimhnigheac(continues on next page)- Collector
- Brighidh Breathnach
- Gender
- Female
- Address
- Kinsale, Co. Cork