School: Sliabh Riabhach
- Location:
- An Sliabh Riabhach, Co. Cork
- Teacher: Éamonn Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sliabh Riabhach
- XML Page 092
- XML “Aisling na Maighdine Muire”
- XML “An Bhean Sí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- An oidhche sar a céasadh Ár Slánuightheóir tháinig sé chun a mhathar agus dubhairt sé "cad na thaobh ná codhluigheann tú a mháthair" "Mar ní fhéadfhainn" ar sise "ar mo aisling dom im' leabaidh suain mheasas gur tháinig marcach caol dubh ar each caol donn sleadh cainibre nó dheas láimh chun é chur trí chroidhe an Ríogh glódhmhar. Béidh fuil an rígh glódhmhar san dhá gontadh amáireach" "Is fíor san a mháthair arsa" Ár Slánuightheóir. "Aoinne a dheanfhaidh an aisling seo trí uaire 'na luighe ar a leabaidh suain gheobhaidh sé Flaitheas Dé ar mo ghualainn se go brách.
- Informant
- Bean Uí Luasaigh
- Gender
- Female
- Address
- An Doirín Álainn, Co. Cork
- Fadó ní raibh clog ag aoinne timcheall na h-áite seo agus sé an cuma 'na airighidís an t-am ná an fhaid suas a bhíodh an ghrian is an geallach san spéir. Aon oidhche amháin bhí fear ó Chúil Aodha ag dul go aonach Maghchromhdha agus in am mhairbh na h-oidhche d'éirigh sé agus amach leis féachaint cad é an fhaid suas san spéir a bhí an tréidín mar an oidhche céudhna thárla ná raibh aon gheallach san spéir. Nuair a chuaidh sé amach bhí dorchadas ceatha ann, agus gan tásc ná tuairisg ar aon reulthín agus bhí an fear bocht i gcruadhchás. D'fhanfadh sé go glaodhadh an choiligh ach ní raibh aon coiligh sa tigh agus níor dhéin sé pioch ach é fhéin d'ollmhughadh chun bóthair. Chuir sé(continues on next page)