Scoil: Sliabh Riabhach

Suíomh:
An Sliabh Riabhach, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Éamonn Mac Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0329, Leathanach 134

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0329, Leathanach 134

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sliabh Riabhach
  2. XML Leathanach 134
  3. XML “Eoghan Ruadh ag Spealadóireacht”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tráth éigin ins a' t-Samhradh do bhí Eóghan Ruadh a' dul o Uíbh Ráthach síos go Luimnigh a' spealadóireacht no a' baint féir le speil. Bhí duine éigin eile ar an mbaile ceudhna agus gádhtar airgid air agus d'iarr seisean cead ar Eóghan é leigint in aonfhacht leis. Thoilig Eóghan ach d'iarraidh sé do'n fhear "a bhfuil puínn airgid agat i gcóir cosdais a' bhóthair." "O mhuise níl" arsa an fear eile "níl agam ach trí seulacha." "Seadh" arsa Eóghan "agus níl agamsa ach dhá scilling caithfhimíd beith ana spárálach." Ghluais an bheirt chun bóthair agus bhíodar ag cur na slíghe dhíobh. Thógfhadh sé ceatair no cúig de laétheannaibh ortha dul go Luimnigh agus bhí ortha tarrac ana chaol ar an airgead.
    Ins an am so bhí file in áit éigin i gCo Luimnigh agus fear tábhairne ab eadh é. Deireadh na daoíne gur b'é an Mangánach é ach ní dóigh liom go bhfheadfadh sé sin a bheith fíor. D'airig an file seo trácht ar Eóghan Ruadh ach ní raibh aon aithne aige air. D'airig sé na daoine ag canadh a chuid amhrán is moladh mór acu air. D'airig sé mar an gceudhna gur fear bocht dealbh Eóghan go mbíodh sé fánach siúbhaloidhach (?) ach go raibh sé árd féigheanta chómh maith agus eólas ar an laidean aige is bhí ana dhúil aige aithne a chur ar Eóghan Ruadh agus bheith tamall 'na chuideachtain no 'na chómhluadhar.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Innéacs seanscéalta
    AT1731: The Youth and the Pretty Shoes
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Diarmuid A' Chotair
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Doire na Sagart, Co. Chorcaí