Scoil: Cúil Aodha (uimhir rolla 16521)
- Suíomh:
- Cúil Aodha, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Pádraig Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cúil Aodha
- XML Leathanach 289
- XML “Rudaí go bhFuil agus go mBíodh Meas orthu sa Bhaile”
- XML “Bia”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)aice agus deireadh sí Paidir agus Cré ag piocadh gach gas. Do coimeádtí an t-aitean san sa tig i gcaitheamh na bliadhna. Deirtí go gcoimeádadh an t-aitean Mhuire iad ó bheith ag dul amúgha agus go gcoimeádadh an Seamar Mhuire na púcaí uatha. Tá na gais sin ag fás fós ach ní bhacann aoinne leó.
- Tímcheall céad bliadhain ó shoin ní raibh ciotal, ná corcán té, ná sgian ar an dtaobh so de'n parróiste ach ag aon bhean-tíghe amháin. Nuair a bhíodh stáisiún i dtig caithtí na h-earraí sin d'fhághail uaithe siúd.Bhí naoi dtighthe i n-aice a chéile i nGort na Scairte agus leite a bhíodh acu i gcóir suipéar gach oidhche. Ní raibh ach leath dosaen spiún acu eatorra. Bhíodh suipéar ana luath ag muinntir an chéad tíghe gach oidhche. Chuiridís na spiúin go dtí an tarna tig. Nuair a bhídís san críochnuighthe leó cuiridís go dtí an tríomhadh tig iad agus mar sin dóibh. Bhíodh sé 'na mheadhon oidhche geall leis nuair a bhíod suipéar ithte ag an dream deireanach.Sé an gnáth bhiadh a bhíodh ag na daoine ná na prátaí agus bainne reamhar.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Dómhnall Bán Ó Céilleachair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 69
- Gairm bheatha
- Feirmeoir beag (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cúil Aodha, Co. Chorcaí