Scoil: Cúil Aodha (uimhir rolla 16521)

Suíomh:
Cúil Aodha, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Pádraig Mac Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0329, Leathanach 289

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0329, Leathanach 289

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cúil Aodha
  2. XML Leathanach 289
  3. XML “Rudaí go bhFuil agus go mBíodh Meas orthu sa Bhaile”
  4. XML “Bia”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.
    (ar lean ón leathanach roimhe)
    Conas tras-scríobh a dhéanamh »
    Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
  2. Tímcheall céad bliadhain ó shoin ní raibh ciotal, ná corcán té, ná sgian ar an dtaobh so de'n parróiste ach ag aon bhean-tíghe amháin. Nuair a bhíodh stáisiún i dtig caithtí na h-earraí sin d'fhághail uaithe siúd.
    Bhí naoi dtighthe i n-aice a chéile i nGort na Scairte agus leite a bhíodh acu i gcóir suipéar gach oidhche. Ní raibh ach leath dosaen spiún acu eatorra. Bhíodh suipéar ana luath ag muinntir an chéad tíghe gach oidhche. Chuiridís na spiúin go dtí an tarna tig. Nuair a bhídís san críochnuighthe leó cuiridís go dtí an tríomhadh tig iad agus mar sin dóibh. Bhíodh sé 'na mheadhon oidhche geall leis nuair a bhíod suipéar ithte ag an dream deireanach.
    Sé an gnáth bhiadh a bhíodh ag na daoine ná na prátaí agus bainne reamhar.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.