Scoil: Mercy Convent
- Suíomh:
- Béal Tairbirt, Co. an Chabháin
- Múinteoir: The Sisters
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mercy Convent
- XML Leathanach 048
- XML “Crosóg Bhríde”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ní deántar crosóga Bhrighde ins an gceanntar seo anois acht i dteach amháin de réir mo thuairm-se. Tá fhios agam-sa conus iad do dhéanamh mar déanaimíd sa sgoil seo iad.Ní bhíonn aon fhéásta ar bith againn i gcóir lae 'le Brighde anois. Is iomdha duine nach bhfuil fhios aige go bhfuil a leithéid de féasta ann chor ar bith. Ach ní bhíodh an sgéal mar sin fadó san áit seo. Bá mhór an féasta in Éirinn é fadó. Do bhíodh fleadh mór i ngach tigh an oidhche sin.Nuair a bhíodh an líon-tighe go léir bailighthe, an bord leagtha i gcóir an tae agus gach rud faoí réir tóghtaí duine mar Brighid - an mháthair b'fhéidir, nó cailín de mhuintir an tighe. Chuireadh sí cota uirthi agus théighead sí amach san halla. Tógadh sí beart luachra a bhaineadh do'n ócáid an lá sin. Annsin thagadh sí go dtí an doras agus bhuaileadh sí air agus deireadh sí " Teígigidh ar bhur nglúnaí agus abraigidh bhur gcuidh paidreacha agus leigighid Brighidh Naomhtha isteach. " Théigheadh muinntir an tighe ar a nglúnaibh agus deiridís " Tar isteach a Bhrighidh Naomhtha " . Agus thagad sí isteach. Shuidheadh sí ag ceann an bhuird agus chaithidís an béile. Nuair a bhíod bhiadh caitthe achu dhéanaidís uilig crosóg roimh eirghe o'n mbord dóibh.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Eibhlís Nich Shamhrain
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile an Mhuilinn, Co. an Chabháin